Bunreacht

BUNREACHT AGUS RIALACHA

[faoi mar a leasaíodh ag an 26ú Comhdháil Náisiúnta, Meán Fómhair 2022]

Réamhrá

  1. Is eagraíocht d’oibrithe ar fud na hÉireann uile é Páirtí Cumannach na hÉireann atá faoi threoir an Mharxachas-Leiníneachais.
  1. Seasann Páirtí Cumannach na hÉireann le luachanna sóisialacha poblachtacha Shéamais Uí Chonghaile a bhunaigh an chéad pháirtí polaitiúil den lucht oibre sa tír sa bhliain 1896, agus féachann sé len iad a chur chun cinn agus a fhorbairt, agus is ábhar inspioráide don pháirtí iarrachtaí, íobairtí agus taithí cheannródaithe ghluaiseacht an lucht  oibre agus na gluaiseachta um shaoirse náisiúnta na hÉireann.
  1. Is é an t-idirnáisiúnachas prólatáireach treoirphrionsabal Pháirtí Cumnnach na hÉireann ina dhearcadh maidir le ceisteanna idirnáisiúnta, rud a chiallaíonn dlúthpháirtíocht leis an lucht oibre ar fud an domhain, leo siúd atá ag troid in aghaidh impiriúlachais agus ar son síochána, neamhspleáchais agus sóisialachais agus tacú leo.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

  1. Díríonn Páirtí Cumannach na hÉireann ar thabhairt chun críche chóras an chaipitleachais agus ar thógáil an tsóisialachais, córas sóisialta ina mbeidh na meáin táirgíochta, dáiliúcháin agus malartaithe faoi úinéireacht phoiblí agus in úsáid ar mhaithe le leas an phobail uile.
  1. Bainfear leas iomlán in Éirinn shóisialach as maoin aiceanta na tíre agus scileanna agus éirim aigne an phobail le lánfhostaíocht, slándáil shóisialach agus síorfheabhsú ar chaighdeáin ábhartha agus cultúrtha an phobail uile a chinntiú.
  1. Agus é faoi threoir thaithí lucht oibre na hÉireann, cheannródaithe ghluaisecht lucht oibre na hÉireann agus thraidisiúin réabhlóideacha mhuintir na hÉireann agus na gluaiseachta idirnáisiúnta lucht oibre, tabharfaidh Páirti Cumannach na hÉireann, mar bhunchuid de ghluaiseaacht lucht oibre na hÉireann, faoi:
    1. a dhicheall a dhéanamh comhoibiú le gach rannpháirt eile de ghluaiseacht an lucht oibre le tromlach an phobail a mhealladh do chúis na fuascailte náisiúnta agus an tsóisialachais;
    2. oibriú go seasta le haontas gníomhaíochta a bhaint amach i ngluaiseacht an lucht oibre agus i ngach eagraíocht fhrith-impiriúlach agus daonlathach sa ghleic in aghaidh chóras an chaipitleachais ina iliomad foirmeacha, agus ar son riachtanas agus éileamh láithreacha an phobail;
    3. páirt ghníomhach a ghlacadh i ngnáthstreachailtí an lae le caighdeán maireachtála an phobail oibre i gceantair uirbeacha agus thuaithe a chosaint agus a fheabhsú;
    4. oibriú ar son chosaint agus fhorleathnú an daonlathais ag gach leibhéal den sochaí, comhchearta agus comhdheiseanna do mhná san áireamh, agus oibriú le go ndéanfaí aisghairm ar an uile reachtaíocht mhídhaonlathach;
    5. tacú ar gach bealach le gach gníomhaíocht lenár dtraidisiúin chultúrtha a chosaint agus a fhorbairt, go háirithe maidir le Gaeilge, agus a leithéid a thionscan agus a spreagadh;
    6. tacú le streacailt phobail uile an domhain ar son na síochána domhanda, neamhspleáchais náisiúnta agus sóisialachais;
    7. forbairt a dhéanamh ar chaidreamh bráithreachais le páirtithe polaitiúla i dtíortha eile atá á dtreorú ag prionsabail an Mharxachas-Leiníneachais; agus
    8. oibriú le dlúthchaidreamh cairdiúil a bhunú idir muintir na hÉireann agus an pobal i ngach tír.

Eagraíocht agus Struchtúr

  1. Is eagraíocht dheonach é Páirtí Cumannach na hÉireann ina bhfuil na baill is forásaí polaitíochta den lucht oibre, agus rannpháirtithe eile den phobal atá faoi dhúshaothrú chóras an chaipitleachais agus atá sásta oibriú le hÉire aontaithe neamhspleách shóisialach a bhaint amach.
  1. Tá a chuid struchtúr agus nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabal an lárachais dhaonlathaigh, a chinntíonn páirtíocht ghníomhach na mball i gceapadh polasaí chomh maith le haontacht gníomhaíochta.
  1. Is é is brí le lárachas daonlathach go ndéantar cinntí, go gceaptar polasaithe agus go dtoghtar na coistí ceannasaíochta le huaspháirtiocht na mball, agus tar éis do chinneadh deiridh a bheith déanta, trí chomhaontú nó vóta tromlaigh, beidh sé de dhualgas ar gach ball an cinneadh a chur i bhfeidhm.
  1. Tá sé ag dul do bhaill an pháirtí go ndéanfar saordhíospóireacht chomrádúil sna aonaid ar leith nó sa pháirtí trí chéile ar cheisteanna a bhaineann le polasaí an pháirtí agus eascraíonn sé sin as daonlathas inmheánach an pháirtí. Is ar bhonn an daonlathais inmheánaigh amháin is féidir féincháineadh a fhorbairt agus féinsmacht an pháirtí a neartú, agus ní mór a leithéid a bheith comhfhiosach agus gan a bheith meicniúil.
  1. Cuimsíonn forleanúint na bprionsbal seo:
    1. toghadh chomhlachtaí ceannasaíochta uile an pháirtí, ó bhunleibhéal go hardleibhéal;
    2. tuairiscí rialta ó chomhlachtaí ceannasaíochta dá gcuid bunaonad;
    3. féinsmacht fhollasach sa pháirtí agus tús áite ag an tromlach ar an mionlach;
    4. cinntí na gcomhlachtaí uachtaracha a bheith ina gceangal ar chomhlachtaí íochtaracha; agus
    5. freagracht na n-ardchomhlachtaí sa deireadh thiar thall dóibh siúd a thogh iad.
  1. Agus iad á dtiomnú féin le haontú de réir clár gníomhaíochta, neartaíonn na baill an páirtí agus cuireann said le haontas an lucht oibre agus gluaiseachtaí an phobail.

Ardfheis

  1. Is í an Ard-Fheis ardúdarás Pháirtí Cumannach na hÉireann agus tionólfar í uair amháin gach trí nó ceithre bliana, ach amháin nuair nach féidir de dheasca cásanna eisceachtúla, de réir mar a rialaíonn an Ardchomhairle, agus  míneofar a leithéid de chinneadh do na baill. Glacann an Ardfheis le Clár an Pháirtí agus leis an mbunreacht nó leasaíonn sí iad, cinneann sí polasaí maidir le buncheisteanna, agus toghann sí an Ardchomhairle le vóta tromlaigh faoi bhallóid rúnda. Beidh an páirtí iomlán faoi cheangal ag gach cinneadh de chuid na hArdfheise.
  1. Is iad a bheas san Ardfheis lánbhaill uile an pháirtí. Déanfar gach iarracht le go mbeidh deis ag gach ball a bheith i láthair. Nuair nach mbeidh sé sin indéanta is iad a bheas san Ardfheis teachtaí a thoghfar ag cruinnithe craoibhe a thionólfar go speisialta, i gcomhréir le líon ballraíochta na gcraobhacha, mar aon le baill na hArdchomhairle a bheas ag dul as oifig.
  1. Cuirfear na dréachtrúin agus ábhar eile a bheas le plé ag an Ardfheis ar fáil do na baill dhá mhí roimh dháta na hArdfheise ar a dhéanaí. Ní mór ábharleasuithe le Bunreacht an Pháirtí a chur ar fáil i scríbhinn don Ardchomhairle mí ar a laghad roimh dháta na hArdfheise.
  1. Is féidir leis an Ardchomhirle Ardfheis Urghnách a thionól tráth ar bith go bhfeictear di go bhfuil cás ann dá leithéid. Tionólfaidh an Ardchomhairle a leithéid de Ardfheis Urghnách ach foréileamh a fháil agus é sínithe ag trian, ar a laghad, de na baill chláraithe lánseasmhacha.

Ardchomhairle

  1. Is í an Ardchomhairle an comhlacht polaitiúil agus eagraíochta is airde sa pháirtí idir Ardfheiseanna. Cúig dhuine dhéag a bheas inti. I gcás folúntais, beidh an t-údarás ag an Ardchomhairle comhthoghadh a dhéanamh le vóta tromlaigh.
  1. Ní mór d’iarrthóirí don Ardchomhairle a bheith ina lánbhaill agus ina mbaill den pháirtí le trí bliana ar a laghad, ach amháin i gcás ina mbíonn tosca ar leith.
  1. Toghfar ag an chéad chruinniú dá cuid Cathaoirleach, Ardrúnaí agus Cisteoir, cruinniú nach mór a thionól taobh istigh de mhí tar éis na hArdfheise Féadfaidh an Ardchomhairle freisin Leaschathaoirleach agus Leas-Ardrúnaí a thoghadh. Féadfaidh an Ardchomhairle oifigigh eile a thoghadh de réir mar is gá.
  1. Feidhmeoidh an chéad triúr oifigeach thuasluaite mar aon le triúr ball eile, ar a mhéid, a thoghfaidh an Ardchomhairle, mar Choiste Seasta. Beidh an Coiste Seasta freagrach don Ardchomhairle as reachtáil an pháirtí ó lá go lá idir cruinnithe na hArdchomhairle.
  1. Ceapfaidh an Ardchomhairle coistí de bhaill an pháirtí de réir mar is gá ag an chéad chruinniú dá cuid tar éis na hArdfheise, coistí le plé le cúrsaí ban, tionsclaíocha, oideachais etc. Beidh a leithéid de choistí freagrach don Ardchomhairle agus déanfaidh an Coiste Seasta monatóireacht orthu. Féadfaidh an Ardchomhairle coistí breise a cheapadh tráth ar bith nuair is gá.
  1. Tionólfaidh an Ardchomhairle comhdháil chomhairleach náisiúnta go débhliantúil. Pléifidh an chomhdháil chomhairleach tuarascáil maidir le feidhmiú polasaithe agus cinntí na hArdfheise.
  1. Féadfaidh an Ardchomhairle comhdháil chomhairleach a thionól i gceachtar dlínse tráth ar bith a bhfeictear don Ardchomhairle go mbeadh gá leis.

Struchtúr Craoibhe

  1. Is í an chraobh bunaonad eagraíochta an pháirtí.
  1. Ní mór ceathrar ball, ar a laghad, a bheith ann le craobh a bhunú. Reachtálfar cruinnithe craoibhe uair sa mhí ar a laghad. Ceapfaidh an Ardchomhairle ainm ar gach craobh as dúiche chónaithe na mball, a n-ionad oibre, nó a ngairm bheatha, tar éis di dul i gcomhairle leis na baill. Is féidir craobhacha a ainmniú freisin as pearsana mór le rá i ngluaiseacht an lucht oibre agus i ngluaiseacht an neamhspleáchais.
  1. Reachtálfaidh gach craobh cruinniú cinnbhliana, ina ndéanfar athmheas ar obair na bliana agus ina gcinnfear clár imeachtaí don bhliain dár gcionn. Toghfaidh na baill Cathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir trí vóta rúnda ag an gcruinniú cinnbhliana ar bhonn comharghnó don bhliain dár gcionn. Is iad na comrádaithe seo mar aon le comrádaithe cuí eile a cheapfaidh an cruinniú cinnbhliana a bheas ina gcoiste craoibhe a stiúróidh obair na craoibhe  ar bhonn comharghnó don bhliain dár gcionn.
  1. Beidh coiste na craoibhe freagrach as tionól rialta ar chruinnithe de na baill, as stiúrú polaitiúil agus eagraíochta na craoibhe, as tionscnamh imeachtaí inmheánacha agus poiblí, as bailiú táilli na mball agus imeachtaí eile um bhailiú airgid, agus as tuairiscí maidir le hobair chraoibhe agus fadhbanna a chur ar fáil don Ardchomhairle nuair a iarrtar a leithéid.
  1. Ní mór cruinnithe craoibhe a reachtáil de réir na Rialacha Seasta atá mar aguisín leis an mBunreacht seo.
  1. Is féidir leis an Ardchomhairle ballraíocht saor ó cheangal craoibhe a údarú i gceantar nach bhfuil eagraíocht pháirtí ann. Íocfaidh na baill seo táillí ballraíochta leis an ardoifig náisiúnta.

Ballraíocht

  1. Tá ballraíocht i bPáirtí Cumannach na hÉireann ar oscailt don uile dhuine atá in aois a 18 nó níos sine a ghlacann le bunreacht agus rialacha an pháirtí, agus a oibríonn go gníomhach ar son fheidhmiú a chláir oibre, atá páirteach in obair chraoibhe agus a oibríonn ar son na gcoistí páirtí ina bhfuil siad, agus a íocann táillí ballraíochta go rialta. Ní mór do bhaill an pháirtí athchlárú gach bliain ar mhaithe le leanúnacht bhallraíochta.
  1. Ar na dualgais bhallraíochta beidh:
    1. páirtíocht ghníomhach i bplé agus cruthú pholasaí an phairtí agus i gcur chun cinn a chuid gníomhaíochtaí;
    2. cosaint ar aontas an pháirtí;
    3. foilseacháin an pháirtí a léamh agus cuidiú lena ndáileadh;
    4. páirt ghníomhach a ghlacadh i ngluaiseacht an lucht oibre mar aon le ballraíocht de cheardchumann cuí, cumann tionóntaithe nó áitreabhóirí, cumann gairmiúil agus ollghluaiseachtaí eile de chuid an phobail;
    5. an dualgas troid in aghaidh gach léiriú de sheobhaineachas fir agus leathcheal ar mhná, agus ar son cothromaíochta iomlán eacnamaíochta, sóisialta, agus polaitiúil do na mná;
    6. an dualgas cur in aghaidh gach léiriú de bhiogóideacht agus réamhchlaonadh, ar a n-áirítear seobhaineachas náisiúnta, ciníochas, fuath ban, homafóibe, trasfhóibe, agus seicteachas reiligiúnda;
    7. an dualgas oideachas a chur orthu féin, lena dtuiscint pholaitiuil a tharraingt anuas agus a n-eolas ar Mharxachas-Leiníneachas a leathnú;
    8. an ceangal cloí le féinsmacht an pháirtí, atá ina ceangal mar an gcéanna ar gach ball den pháirtí. Tá an t-aon chóras féinsmachta amháin ag an bpáirtí don uile chumannach, beag beann ar a staraíocht nó ar a gcéimíocht. Déanann sárú ar fhéinsmacht an pháirtí dochar don pháirtí agus mar sin ní réitíonn sé le ballraíocht leanúnach;
    9. an nós féinléirmheastóireachta agus léirmheastóireacht ón mbun aníos agus é sin a spreagadh;
    10. an riachtanas a bheith fírinneach agus ionraic agus iad ag plé leis an bpáirtí agus le baill eile den pháirtí.
  1. Tá sé de cheart ag ball den pháirtí:
    1. páirt a ghlacadh sa saordhíospóireacht chomráidiúil ag cruinnithe den pháirtí nó i meáin an pháirtí maidir le ceisteanna faoi pholasaí an pháirtí;
    2. léirmheas a dhéanamh, ar bhonn comráidiúil, ar aon oibrí de chuid an pháirtí ag cruinnithe an pháirtí;
    3. comhlachtaí an pháirtí a thoghadh agus a bheith tofa orthu; agus
    4. ceist nó ráiteas a chur faoi bhráid comhlacht ar bith de chuid an pháirtí aníos go dtí an Ardchomhairle agus í sin san áireamh.
  1. Ní ghlacfar le baill nua ach ina nduine agus ina nduine. Glacfar le baill nua as iarrthóirí ar bhallraíocht atá molta ag an gcoiste páirtí nó eagraíocht chuí agus atá tar éis an tréimhse phromhaidh atá leagtha amach a chur isteach.
  1. Níl sé ceadmhach do bhall den pháirtí a bheith ina bhall de pháirtí polaitiúil eile. Le go nglacfaí le hiarbhaill de pháirtithe nó eagraíochtaí polaitiúla eile ní mór, de bhreis ar a luaitear thuas, moladh ó thriúr ball a bhfuil seasamh acu sa pháirtí le cúig bliana ar a laghad. Ní ghlacfar le hiarrthóirí mar sin ach trí bhuneagraíocht den phairtí (i. craobh) agus beidh faomhú ón Ardchomhairle riachtanach.
  1. Beidh ar gach ball nua tréimhse phromhaidh de 12 mhí ar a mhéid a sheasamh, agus is í an Ardchomhairle a shocróidh an nós imeachta chuige sin.

Airgeadas

  1. Íocfaidh baill a haon faoin gcéad ar a laghad dá mbunioncam míosúil mar a síntiús do chistí an pháirtí. Socróidh an Ardchohairle táille bhallraíochta dóibh siúd nach bhfuil ag tuilleamh tuarastail.
  1. Ag deireadh gach ráithe, seolfaidh cisteoirí craoibhe 80 faoin gcéad d’iomlán na dtáillí a bheas faighte ó bhaill chuig an Cisteoir Náisiúnta.
  1. Tá an dualgas ar an mball aonair cloí leis an riail seo. Len é sin a éascú seiceálfar cártaí ag gach cruinniú den pháirtí.
  1. Bainfear a seasamh sa pháirtí de bhaill nó baill phromhaidh nach n-íocann táille bhallraíochta trí mhí i ndiaidh a chéile agus cuirfear é sin in iúl dóibh. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh sé ceadmhach dóibh freastal ar chruinniú ar bith den pháirtí nó labhairt nó vótáil ag a leithéid. I gcás ball atá sé mhí chun deiridh maidir le táillí, agus a bhfuil a leithéid curtha in iúl dóibh, bainfear iad den rolla ballraíochta tar éis do gach iarracht a bheith déanta tabhairt orthu cloí leis na rialacha.
  1. I gcás daoine a bhfuil a mballraíocht imithe in éag i ngeall ar neamhíocaíocht táillí ballraiochta, agus a dhéanann iarratas ar athchlárú tráth ar bith taobh istigh de bhliain, is í an chraobh a shocróidh na coinníollacha athchláraithe, faoi réir fhaomhadh na hArdchomhairle.

Féinsmacht

  1. Is ar an an gcraobh nó ar bhunaonad eile den pháirtí a thiteann an fhreagracht tosaigh cloí le féinsmacht an pháirtí. Beidh sé de chumhacht ag an gcoiste craoibhe cuí ball a bhriseadh as oifig sa chraobh nó a chur ar fionraí as rialacha an pháirtí a shárú nó as iompar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don pháirtí.
  1. I gcás go mbristear baill as oifig nó go gcuirtear ar fionraí iad, beidh sé de chead acu:
    1. achomharc a dhéanamh i scríbhinn don Ardchomhairle taobh istigh de lá is fiche ón a leithéid d’fhógra a fháil; agus
    2. níos faide chun tosaigh achomharc a dhéanamh i scríbhinn don chéad Ardfheis eile.
  1. Beidh sé de chumhacht ag an Ardchomhairle baill a dhíbirt as an bpáirtí ar aon cheann de na cúiseanna thuasluaite. Cuirfear an díbirt agus na cúiseanna léi in iúl do bhaill le cearcalán chuig rúnaithe nó i bhfoilseacháin an pháirtí.
  1. I gcás go ndéantar achomharc in aghaidh a leithéid de chinneadh ag an Ardchomhairle, bunóidh an Ardchomhairle coiste achomhairc ad hoc ar bhonn ainmniúcháin ó na craobhacha ar a mbeidh ball amháin den Ardchomhairle (gan vóta) agus ceathrar ball eile, nach mbeidh ina mbaill den Ardchomhairle, agus déanfaidh an coiste achomhairc sin scrúdú ar gach gné den chás agus, más cuí, dar leis, cuirfidh sé agallamh ar an té atá i gceist, agus déanfaidh sé moladh cuí don Ardchomhairle.
  1. Nuair atá ceist maidir le díbirt ball ón bpairtí faoi chaibidil, ní mór an cúram is mó agus cíoradh comráidiúil a chleachtadh, agus ní mór bunús na líomhaintí in aghaidh an bhaill a iniúchadh go cuimsitheach.
  1. I gcás mionchionta, is ceart bearta oideachais agus tionchair de chuid an pháirtí a chur i bhfeidhm (iomardú, rabhadh, &rl) seachas díbirt, an pianós is déine sa pháirtí.

Maoin

  1. Beidh maoin iomlán Pháirtí Cumannach na hÉireann, is cuma cén cineál í, i seilbh Iontaobhaithe, a cheapfar ó thráth go chéile, de réir théarmaí an bhunreachta seo.
  1. Beidh sé de chumhacht ag na hIontaobhaithe, má thugann an Ardchomhairle údarás dóibh, déileáil leis an maoin, trí dhíolaíocht, léasú, mhalartú, cheannach nó eile, agus ineisteoidh said aon airgead nó sócmhainní leachtacha a bheas i seilbh na nIontaobhaithe ó thráth go chéile de réir mar a threoraíonn an Ardchomhairle.
  1. Maidir le díolaíocht, léasú, malartú nó diúscairt ar aon mhaoin, is leor sliocht as na miontuairiscí cuí, deimhnithe ag an Ard-Rúnaí, mar leordhóthain fianaise d’fheidhm ar bith, ar chinneadh na hArdchomhairle agus údarú cuí do na hIontaobhaithe.

Iontaobhaithe

  1. Is í an Ardchomhairle a cheapfaidh Iontaobhaithe an pháirtí. Beidh cúigear díobh ann agus de ghnáth beidh said in oifig go ceann cúig bliana ó dháta a gceaptha.
  1. Glacfar leis go bhfuil Iontaobhaithe tar éis éirí as go huathfheidhmeach cothrom an lae cúig bliana tar éis a gceaptha, agus ceapfaidh an Ardchomhairle Iontobhaí nua ag an chéad chruinniú den Ardchomhairle ina dhiaidh sin. Beidh Iontaobhaí atá éirithe as go huathfheidhmeach intofa athuair.
  1. Tagann deireadh le téarma Iontaobhaí má thagann deireadh lena bhallraíocht in bPáirtí Cumannach na hÉireann.
  1. Má théann Iontaobhaí ar scor nó má éiríonn sé as nó muna bhfuil sé ar a chumas feidhmiú ar aon bhealach eile beidh na hIontaobhaithe a bheas fós ann i dteideal feidhmiú, fad is a bheas triúr acu ar a laghad ann.
  1. Slánóidh baill na heagraíochta na hIontaobhaithe ar chaillteanas nó costas a thabhóidh said agus iad i mbun a ndualgas go cuí.

Ginearálta

  1. Is i mBaile Átha Cliath a bheas ardoifig náisiúnta Pháirtí Cumannach na hÉireann.
  1. Is é a bheas i suaitheantas Pháirtí Cumannach na hÉireann casúr agus corrán trasna ar a chéile agus iad dearg agus anuas ar phatrún scal ghréine.
  1. Beidh sé d’údarás ag an Ardchomhairle sainmhíniu a dhéanamh ar na rialacha agus nóseanna imeachta a leagadh amach maidir le haon ghnó, idir Ardfheiseanna.