Fúinne

Páirtí Marxach uile-Éireann a bunaíodh sa bhliain 1933 is ea Páirtí Cumannach na hÉireann. Is é ár n‑aidhm tacaíocht thromlach mhuintir na hÉireann a bhaint amach chun deireadh a chur leis an gcóras caipitlíoch agus chun an sóisialachas a thógáil—córas sóisialta ina bhfuil na córacha táirgthe, dáileacháin agus malairte i seilbh an phobail agus ina n‑úsáidtear iad ar mhaithe le cách.

Páirtí ar son an tsóisialachais agus an daonlathais

Cuireann an CPI béim ar throid aontaithe aicmeach na n‑oibrithe sa streachailt ar son athrú radacach sóisialta agus daonlathas radacach, faoi smacht daonlathach an lucht oibre i ngach gné den saol: eacnamaíoch, polaitíochta, sóisialta agus cultúrtha.

Tá an CPI tiomanta do thógáil saol fíor‑dhaonlathach, do dheireadh a chur le gnéasachas, ciníochas, agus seicteachas, d’ionannas iomlán a chruthú idir chách, beag beann ar ghnéas, chine, agus chreideamh, agus deireadh a chur leis an gconcas agus le hoidhreacht an choilíneachais agus an impiriúlachais in Éirinn.

Tuigimid gur córas eacnamaíoch é an caipitleachas arb é dúshaothrú a chroílár. Cé go n‑iarrann roinnt grúpaí na gnéithe is measa den chaipitleachas a leasú nó a fheabhsú, iarrann an CPI go gcuirfí deireadh leis agus córas réasúnach cothrom a chur ina áit a bheadh in ann riachtanais mhuintir na hÉireann a shásamh. Creidimid gur gá an chumhacht theoranta dhaonlathach a nglacaimid páirt inti faoi láthair i dtoghcháin a leathnú go dtí réimse an gheilleagair, réimse a bhfuil tionchar chomh mór sin aige ar ár saol.

Cad a dhéanaimid?

Faoi láthair cuireann an CPI béim ar pháirt ghníomhach a ghlacadh i bhfeachtais a bhfuil tionchar acu ar an lucht oibre agus orthu siúd a fhulaingíonn iarmhairt na gcuideachtaí móra agus an chaipitil thrasnáisiúnta in Éirinn. Leanaimid le bheith páirteach i bhfeachtais náisiúnta in aghaidh Chonradh Liospóin agus tharrtháil phoiblí na mbanc príobháideach le linn an Chúlaithe Mhóir, feachtais i gcoinne na déine agus i gcoinne táillí uiscí, agus feachtais ar son tithíocht phoiblí, cearta ceardchumann, agus úinéireacht phoiblí an uisce a chumhdach i mBunreacht na hÉireann. Ar an leibhéal idirnáisiúnta táimid gníomhach i bhfeachtais in aghaidh cogaíochta agus feachtais ar son dlúthpháirtíocht le Cúba, Veiniséala, agus Nicearagua. Níl sé mar aidhm againn ár gcuid féin a dhéanamh de ghluaiseachtaí eile ach ár gcomh-thaithí, ár smacht, ár n‑oilteacht agus ár n‑éilimh chlaochlaitheacha a chur ar fáil mar chabhair do na feachtais a bhfuilimid páirteach iontu.

Cé a théann isteach sa CPI?

Eagraíocht dheonach is ea an CPI atá oscailte do gach duine atá ocht mbliana déag d’aois nó níos sine a ghlacann le bunreacht an pháirtí agus a oibríonn chun a chlár a chur i bhfeidhm. Daoine as gach cúlra a bhfuil an dearcadh céanna acu is ea ár mbaill, a ghabhann orthu féin oibriú chun poblacht shóisialach 32 chontae a thógáil. Tá craobhacha gníomhacha againn i ngach cúige (féach an leathanach ballraíochta le haghaidh tuilleadh eolais.)