Ballraíocht

Eagraíocht dheonach is ea Páirtí Cumannach na hÉireann a chuimsíonn iad siúd atá sásta oibriú chun Éire aontaithe neamhspleách shóisialach a bhaint amach. Más clár é seo a gceapann tú go mbeadh suim agat ann, ba mhaith linn go ndéanfá teagmháil linn.

Is é atá mar aidhm againn bheith inár scoil oibre Mharxachais réabhlóidigh. Cruthaítear naisc orgánacha idir chodanna éagsúla na heagraíochta agus idir na baill ar leith trí obair laethúil i dteannta a chéile in eagraíochtaí an pháirtí.

Glacann baill páirt ghníomhach sa pháirtí, ina gcuid ionad oibre, ina gceardchumainn, agus ina bpobail ar fud dhá chontae tríochad na hÉireann. Cé gur mian le roinnt eagraíochtaí ballraíocht mhór ach neamhghníomhach, is dúthracht ghníomhach í ballraíocht i bPáirtí Cumannach na hÉireann a ngabhann dualgais áirithe léi:

  1. páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireacht agus i gceapadh bheartais an pháirtí, agus a chuid gníomhartha a chur chun cinn;
  2. páirt ghníomhach a ghlacadh i ngluaiseacht an lucht oibre agus bheith ina mbaill dá gceardchumann oiriúnach, dá gcumann gairme, dá gcumann tionóntaí nó áitritheoirí, agus in oll-eagraíochtaí eile an phobail;
  3. foilseacháin an pháirtí a léamh agus cuidiú lena scaipeadh;
  4. troid in aghaidh gach léiriú den seobhaineachas fir agus leithcheal ar mhná agus troid ar son comhionannais iomlán sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch ban;
  5. troid in aghaidh gach léiriú de sheobhaineachas náisiúnta, de chiníochas, agus de sheicteachas creidimh;
  6. troid in aghaidh gach léiriú de bhiogóideacht agus leithcheal ar bhonn claonadh gnéis nó inscne agus sreachailt ar son comhionannais sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch daoine LADT+.

Má tá suim agat i mballraíocht, nó má tá aon cheist agat faoin bpáirtí, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an bhfoirm thíos.