Cuir deireadh leis an mbrú faoi chois sa Cholóim – agóid dlúthpháirtíochta

Dé Máirt 11 Bealtaine d’eagraigh Páirtí Cumannach na hÉireann agóid bheag, a chloígh leis na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta, os comhair Ambasáid na Colóime i mBaile Átha Cliath. Léirigh an agóid ár ndlúthpháirtíocht leis na comhphobail dúchasacha, na ceardchummanaithe, agus aicme oibre na Colóime go forleathan, atá ag fulaingt mar gheall ar bhrú faoi chois foréigeanach stát na Colóime. Cuireadh litir agóide faoi bhráid an ambasadóra maidir leis na dúnmharaithe agus na holl-ghabhálacha atá tar éis tarlú le gairid, i dteannta le fuadach agus ionsaí gnéasach na n-íospartach.

Téacs na litreach a chuir Páirtí Cumannach na hÉireann faoi bhráid Ambasadóir na Colóime: