Tomás Mac Síomóin 1938-2022

Ábhar bróin dúinn go bhfuair Tomás Mac Síomóin bás 17 Feabhra 2022. Duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge a bhí ann, idir phrós, fhilíocht agus scríbhneoireacht pholaitiúil.

Bitheolaí a bhí ann ó thaobh gairme de agus bhíodh sé ag léachtóireacht I gColáiste Teicneolaíochta Shráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath sula ndeachaigh sé ar phinsean tráth a d’imigh sé chun cónaí sa Chatalóin. Bhí dochtúireacht aige ó Ollscoil Cornell, Nua Eabhrac.

Chaith sé tréimhsí ina eagarthóir ar an nuachtán Anois agus agus ar an iris Comhar. Bhí sé ina bhall ar feadh tamall de bhlianta de choiste gnó Pháirtí Cumannach na hÉireann agus bhíodh sé ag scríobh ar feadh na mblianta do Socialist Voice go dtí gur bhuail tinneas é Gabhaimid comhbhrón lena bhean chéile Karen agus lena chlann.