Dlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne

Dé Sathairn 15 Bealtaine crochadh bratacha na Palaistíne ó Leabhair Uí Chonaíle agus léadh amach teachtaireacht dlúthpháirtíochta ó Pháirtí Chumannach na hÉireann. Thug an teachtaireacht tacaíocht neamhbhalbh do cheart chun cur in éadan na bPalaistíneach, ar cibé slí gur ghá, dúnmharaithe bhrúidiúla na bhfórsaí míleata Síónacha le seachtain anuas. Cáineann Páirtí Cumannach na hÉireann an réimeas Síónach, coilíneach sa Phalaistín, agus a ngníomhartha sóiléire cinedhíothaithe i leith mhuintir na Palaistíne.

Bhí baill Pháirtí Cummanach na hÉireann i láthair ag na léirsithe ar son na Palaistíne i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, agus áiteanna eile. Chuaigh na céadta duine ar na sráideanna chun cur in aghaidh cinedheighilte na Síónach agus cearta na bPalaistíneach a chosaint.

Grianghraif do na léirsithe: