Níl oiread na fríde á thairiscint ag ceapachán Donaldson don aicme oibre

Ní comahrtha é corónú Jeffrey Donaldson mar cheannaire an Pháirtí Aontachtach Daonlathach de chobhsaíocht, is a mhalairt atá i gceist : léiríonn sé éagobhsaíocht agus mearbhall an aontachtais fhrithghníomhaigh atá in umar na haimléise, caillte i lúbra a seasaimh aicmeacha frithráiteacha féin.

De dheasca teidlíochta an Aontachtais, a dhearcadh “ná géill riamh”, a cháineann leantóir ar bith a cheistíonn ceannaireacht an aontachtais le maslaí ar nós “Lundy” nó brathadóir, tá an fórsa polaitiúil seo agus cuid mhaith den aicme oibre, a tógadh leis an idé-eolaíocht frithghníomhach seo, sáinnithe i meon daingnithe nach bhfuil in ann caithréimeachas Briotanach a shárú.

Ceadaíodh na tuairimí agus na dearcaidh seo nuair a theastaigh said ó chóilíneachas agus impiriúlachas na Breataine, nuair a bhí siad ag teacht lena leasanna féin, ag bronnadh monaplacht do na haontactaigh ar fhostaíocht, thithíocht, ionadaíocht polaitiúil, na fórsaí slándála, ag cruthú constaice shamhalta ar ardaidhmeanna aonadacha mhuintir na hÉireann.

Ní mhaireann luamháin na bpribhléidí a thuilleadh, agus tá an Páirtí Aontachtach Daonlathach agus Aontachtas ar a míle dícheall chun an tírdhreach polaitiúil reoite sin a athbheochan.

Níl sé tugtha faoi deara ag scáthanna éagsúla an aontachtais go bhfuil a mbreithniúcháin straitéiseacha féin ag impiriúlachas na Breataine i leith na hidirbheartaíochta reatha maidir le socrúchán trádála leis an Aontas Eorpach, nach bhfuil i “bPrótacal” na Sé Chontae ach páirt amháin.  Níl tábhacht ar bith le buarthaí na n-aontachtach sna háirimh seo.

Is iad na leasanna ábharacha a chur iachall ar na Briotanaigh críochdheighilt na hÉireann a chur i bhfeidhm céad bliain ó shin na leasanna céanna atá a chuireann iachall ar na Briotanaigh fáil réidh leis an Aontachtas sa lá atá inniu ann.  Tá ceachtanna shimplí na staire fós le foghlaim ag an Aontachtas, ‘sé sin le rá, céad bliain níos déanaí, gur constaic ar an gcapiteal agus ar phróiséas an  charnaidh í an chríochdheighilt. 

Tá hiatas reatha na Bretaine le capitileachas monaplachtach an Aontais Eorpaigh, mar a chuireann struchtúr polaitiúil an AE in iúl, tar éis géarú agus tugann sé lasra nua do phróiséas a thosaigh tamall maith ó shin.

Mar is gnách, sáróidh riachtanais ábharacha an chapitil na struchtúir reatha a chuireann bac ar dhaingniú a leasanna.  Stróicfidh sé scrioptúr atá ina chonstaic dó.  Leáfar gach ní atá reoite faoi mar a atheagraíonn an caipitleachas monaplachtach agus comhghuaillithe polaitiúla chun a leasanna ar thóir an bhrábúis a chur chun tosaigh.  Níl gá le comhghuaillithe chaite a thuilleadh, agus is comhghuaillí nua, go ceann scaithimh, é namhaid caite.