Léirsiú tithíochta os comhair na Dáile

Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair ghlac Páirtí Cumannach na hÉireann páirt i léirsiú lasmuigh den Dáil, agus scaipeadh duillíní ag tabhairt ár n-éilimh le fios. Bhí teachtaireacht soiléir againn: níl dul amú ar pholasaí tithíochta an rialtais, tá sé ag feidhmiú mar is ceart: ar son na dtiarnaí talún, na n-amhantraithe agus na gcistí infheistíochta. Ní réiteach ar an ngéarchéim tithíochta í an straitéis “Tithíocht do Chách” a fograíodh le gairid, cuireann sí brábúis mionlaigh chun tosaigh ar leasanna an móraimh.

Tóg gluaiseacht an phobail chun seirbhís tithíocht phoiblí uile-Éireann a bhaint amach, a shásaíonn na héilimh seo a leanas:

  • Tithíocht phoiblí ar fáil do gach duine, le cíosanna bunaithe ar ioncam,
  • Bille Cearta do Thionóntaí,
  • Toirmeasc ar dhíshealbhaithe,
  • Reifreann ar an gceart chun áitribh.