Comhráite Uí Chonaíle

Cuireann Páirtí Cummanach na hÉireann Comhráite Uí Chonaíle ar siúl gach bliain. Tugann siad deis do bhaill fhéideartha agus dóibh siúd le spéis sa Marxachas tuilleadh eolais maidir leis an bpáirtí a fháil amach. Is éard atá i gceist le Comhráite Uí Chonaíle ná ceithre seisiún ar Shathairn i ndiaidh a chéile (12 Meitheamh, 19 Meitheamh, 26 Meitheamh, agus 3 Iúil) leis an gcéad trí ag déileáil le téama lárnach i dteoiric an tsóisialachais, agus an ceathrú ag díriú ar stair agus gníomhaíochas an pháirtí.

Tionólfar Comhráite Uí Chonaíle ar Zoom i mbliana. Tosóidh chuile imeacht ag a 11:30, beidh cur i láthair ar an téama tugtha i dtosach báire, agus sraith ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh. Más mian leat freastal ar na comhráithe, iarraimid ort an fhoirm thíos a líonadh isteach le d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist. Is féidir le hachan duine atá ag cur faoi in Éirinn clárú. Seolfar na nascanna do na cruinnithe Zoom chuig an ríomhphoist a luaitear.