Comóradh Dhomhnach Uí Chonaíle ag Cnoc an Arbhair

Reáchtáil Páirtí Cumannach na hÉireann comóradh Dhomhnach Uí Chonaíle i Reilig Chnoc an Arbhair ar an 9 Bealtaine. Leagadh bláthanna i gcuimhne orthú siúd a fuair bás ar son saoirse na hÉireann, cothrom an lae 105 bliain ó shin a cuireadh ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916 chun báis. Cuireadh srian ar líon na ndaoine a bhí i láthair chun cloí leis na treoirlínte um shláinte phoibhlí. Thug beirt bhall de chuid an pháirtí, Ciara Ní Mhaoilfhinn agus Jimmy Doran, na hóráidí.