Mórshiúl go dtí Ambasáid Iosrael

Dé Sathairn 22 Bealtaine chuaigh níos mó ná 1,000 duine, baill Pháirtí Cumannach na hÉireann ina measc, go dtí Ambasáid Iosrael mar agóid in aghaidh an stát cinedheighilte. Tharla an mórshiúl ar an lá céanna le léirsithe ar fud an domhain in aghaidh forghabhála bruidiúil Iosrael ar an bPalaistín. Léadh ainmneacha na 65 páiste a cailleadh le coicís anuas mar gheall ar aerionaithe Iosrael amach, agus bhí nóiméad ciúnais ann.