Dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín

Dé Sathairn 27 Samhain chabhraigh baill an Pháirtí Chumannaigh le margadh faoi dhíon a eagrú chun airgead a thiomsú do chruachás mhuintir na Palaistíne. Tharla an margadh faoi dhíon i Leabhair Uí Chonaíle i mBarra an Teampaill. Bhuail líon mór daoine isteach chun a dtacaíocht daingean do mhuintir na Palaistíne a léiriú, agus chun cos ar bolg leanúnach stát Iosrael a cháineadh.

Dé hAoine 26 Samhain chuaigh Muhammad Amjad Dadas go sráidbhaile Deir al-Hatab, in aice le baile an Bhruach Thiar gafa, Nablus, ait a bhfuil fórsaí Iosrael ag déanamh ionsaí ar ógánaigh Palaistíneacha le stiúdghránáidí agus deorghás.

Bhí na Palaistíneacha ag déanamh agóide i gcoinne cúngach cóilíneacht Giúdaigh Elon Moreh ar thalamh a tógadh go foréigeanach ó mhuintir na sráidbhaile. Bhí Muhammad, 15, i measc buachaillí eile ó champa teifeach ar imeall Nablus. Scaoil naoscaire Iosraelach air sa bhlog ó fhad achair breis is 50 slat. Seoladh an buachaill go hospidéal i Nablus i ngluaisteán príobháideach faoi mar a bhí Muhammad ag cur fola go fras. Fógraíodh go raibh sé marbh uair an chloig i ndiaidh a theachta. Tarlaíonn na dúnmháraithe seo go laethúil mar chuid de pholasaí glanaidh eithnigh stát Iosrael.